Cuireann lucht CLG GO Deo 20 Ceist Sciobthaí ar Bhrian Ó Diarmada, leathchúlaí fhoireann peile an Róid is Uíbh Fhailí

Aois: Naoi mbliana is scór – 29
Airde: 5’ 8” cúig troithe, ocht n-orlaí
Áit imeartha ar an bpáirc: Aon áit sna cúlaithe. Sé leathcúlaí láir an áit is fearr liom
Club: An Ród
Club nó contae? Tá an dá gheansaí chomh speisialta céanna
Cuimhne CLG is mó agus tú i do pháiste: Cluiche Ceannais Laighean 1997
An cluiche is fearr a d’imir tú: An babhta deireanach sa tsraith i gcoinne Thiobraid Árann 2013
An t-imreoir is fearr a chonaic tú ag imirt riamh? Is aoibhinn liom bheith ag féachaint ar Frank Mc Glynn. Tá na scileanna go léir aige.
An t-imreoir is fearr a mharcáil tú riamh? David Kelly, Sligeach
An bainisteoir peile is fearr le 25 bliain anuas? Jim Mc Guinness
Buaicphointe pearsanta peile go dtí seo: Ag imirt i ngeansaithe An Róid agus Uíbh Fhailí i gcraobh Laighean. Ní raibh formhór dóibh rathúil go dtí seo faraor.
Céard tá ag teastáil le hiománaithe agus peileadóirí Uíbh Fhailí a chur ar ais i measc na mboc mór in athuair? Ba chóir dúinn a bheith ag spreagadh na bpáistí chun na cluichí a imirt chomh minic agus is féidir leo. Níl a lán suime acu i mo thuairim. Sin an fhadhb is contúirtí. Tacaíocht níos fearr ón mBord Contae agus iarracht níos mó ar son roinnt imreoirí.
Ceol is fearr leat: Coldplay
Bia is fearr leat: Sicín
Deoch is fearr leat: Is annamh a bhíonn seans nó suim agam ach bheadh pionta Guinness agam anseo is ansiúd
An spórt is fearr leat taobh amuigh de chluichí CLG: Rugbaí
Imreoir na Bliana 2014? Cheapas go raibh Neil Gallagher thar barr an bhliain ar fad
Imreoir Óg na Bliana 2014? Ryan Mc Hugh
Cé a bhuafaidh cluiche ceannais peile na hÉireann i 2015? Áth Cliath
Cé a bhuafaidh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann i 2015? An Clár