Ciarraí v Maigh Eo, Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann,

Dé Domhnaigh, 3.30

 maigh-eo-v-ciarrac3ad-o-donaghoe.jpg

Tá Craobhchomórtas Peile na hÉireann tosaithe ceart! Tá muid fágtha anois leis an gceithre fhoireann is fearr sa tír. Níl aon amhras faoi sin. Dé Domhnaigh seo chugainn, is iad Ciarraí agus Maigh Eo a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar Pháirc an Chrócaigh le gabháil i mbun catha le chéile le feiceáil cé a ghabhfas ar aghaidh chuig cluiche ceanais peile na hÉireann 2014. Cé acu a bheidh an lá? Ceist an-deacair!

 

Tá go leor cainte déanta le roinnt laethanta anuas ar chluichí a imríodh idir an dá fhoireann seo le blianta beaga anuas. Ó 1997 i leith d’imir an dá fhoireann seo in aghaidh a cheile cúig huaire sa gcraobhchomórtas i bPáirc an Chrócaigh agus gan aon cheann buaite ag Maigh Eo. Ón mbliain 2000 i leith tá an dá fhoireann seo tar éis ceithre cinn de chluichí ceannais na hÉireann a chailleadh – ach tá Ciarraí tar eis cúig cinn a bhuachan agus gan aon cheann buaite ag Maigh Eo, dar ndóigh. An mbeidh tionchar ag na cluichí agus na staitisticí seo ar cé a bhuafas Dé Domhnaigh? Déarfainn nach mbeidh.

Maigh Eo

Tá foireann seo Mhaigh Eo níos fearr ná foirne eile a chaith an geansaí dearg is glas rompu. Tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann 2012 a chailleadh in aghaidh Dhun na nGall cheap go leor go mbeadh sé deacair orthu teacht ar ais ach tháinig siad ar ais. Nuair a chaill siad cluiche ceannais na hÉireann anuraidh in aghaidh na Dubs dúradh nach dtiocfadh siad ar ais go deo agus dúradh go raibh siad críochnaithe. Bheul, tháinig siad ar ais agus níl siad críochnaithe fós. Ní fhéadfadh le foireann nach raibh sách maith agus sách láidir a leithéid a dhéanamh. Tá foireann seo Mhaigh Eo sách maith. Ní hamháin go bhféadfaidís an cluiche seo a bhuachan ach d’fhféadfaidís an chraobh a bhuachan, freisin.

 

Tá jab iontach déanta ag James Horan. Nuair a tháinig sé isteach sa mbliain 2011 bhí lucht peile i Maigh Eo in ísle brí ach, ó shin i leith, tá Horan tar éis dóchas agus misneach a thabhairt do mhuinitr Mhaigh Eo. Le linn a ré go dtí seo tá ceithre Chraobh Chonnacht buaite acu. Tá siad tar éis gabháil a fhad le cluiche leathcheannais na hÉireann (ceann acu in aghaidh Chiarraí a chaill sé) chuile bhliain ó shin, ar a laghad. Éacht é sin ach má tá se ag iarraidh go mbeadh a ainm scríofa sna leabhair staire caithfidh se an ceann mór a bhuachan.

 cillian-o-connor.jpg

Níl amhras ar bith faoi ach go mbeidh a chuid obair bhaile déanta ag Horan don chluiche seo. Déanfaidh sé cinnte nach mbeidh aon fhaitíos ar a fhoireann roimh Chiarraí. Freisin, is cinnte go n-úsáidfear an méid a dúirt leithéidí Larry Thomkins sna meáin chumarsáide fúthu a bheith bog chun a thuilleadh spreagadh a thabhairt dóibh. Beidh Maigh Eo réitithe le haghaidh Chiarraí. Bí cinnte de sin.

 

Cáineadh eile a rinneadh ar Mhaigh Eo anuraidh ná gur bhain siad barr feabhais amach i bhfad róluath sa samhradh agus nach raibh siad in ann an caighdeán ard peile a bhí acu a choinneáil suas. Ní féidir a leithéid a rá fúthu i mbliana, áfach. Rinne siad scrios ar chuile fhoireann a chuaigh chun páirce leo anuraidh suas go dtí cluiche ceannais na hÉireann. I mbliana, áfach, agus taobh amuigh den chluiche in aghaidh Nua Eabhrac is ar bheagán scóranna a bhuaigh siad a gcuid cluichí. Bhuaigh siad ar Ros Comáin ar phointe amháin, bhuaigh siad ar Ghaillimh ar 7 bpointe agus bhuaigh siad ar Chorcaigh ar phointe amháin. Níl siad tar éis caighdeán imeartha na bliana seo caite a bhaint amach fós ach tá siad ag gabháil sa treo sin de réir a chéile.

 

Ciarraí

Nuair a smaoiníonn tú ar fhoireann peile Chiarraí le roinnt blianta anuas tagann féar fada isteach san intinn! Mar a rinne siad anuraidh tá siad ag traenáil is ag obair leo gan mórán airde a tharraingt orthu féin. Is féidir bheith cinnte gur ghortaigh sé Éamonn Fitzmaurice agus a phainéal nuair a chaill siad in aghaidh na Dubs sa gcluiche iontach sin anuraidh agus, dá bharr sin, is féidir a bheith cinnte go bhfuil an uaillmhian agus díocas iontu gabháil céim níos faide i mbliana.

 

Mar atá fíor faoi Horan tá éacht déanta ag Fitzmaurice. Nuair a ceapadh mar bhainisteoir ar Chiarraí é bhí jab mór atógála le deanamh aige. Bhí go leor ann a dúirt go raibh Ciarraí imithe agus go mbeadh gorta sa gcontae! Ina ainneoin sin, áfach, tá ag éirí leis Ciarraí a choinneáil san iomaíocht. Cén fhoireann eile a d’fhéadfadh leithéidí Tomás Ó Sé, Gooch Cooper, Paul Galvin, Tadhg Kennelly, Tommy Griffin agus Tommy Walsh a chailleadh agus fós a bheith san iomaíocht.

 

Is fear an-chliste é Fitzmaurice agus tá tuiscint an-mhaith aige ar an gcluiche. Dá bharr sin, is féidir a bheith cinnte go bhfuil a chuid staidéir déanta aige ar Mhaigh Eo agus go mbeidh plean aige a bheidh dírithe ar a gcuid laigí. Shamhlóinn go mbeadh an plean seo á chleachtadh ag fir Chiarraí ag na seisiúin traenála agus, de bharr an cosc a cuireadh ar lucht leanta Chiarraí freastal ar na seisiúin traenaáa, is féidir bheith cinnte de gur plean rúnda é a bheidh cleachtaithe go maith acu!

 

Mórchoimhlintí

Beidh toradh an chluiche seo ag brath go mór ar an gcaoi a láimhseáltar Cillian O’ Connor agus James O’ Donaghoe. Más é Shane Enright a bheidh ag marcáil O’ Connor beidh an-chath ann agus d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi gcath a bheidh idir James O’ Donaghoe agus Keith Higgins – más é Higgins a bheidh á mharcáil. Beidh jab mór le déanamh ag cúlaithe Chiarraí, freisin, déileáil le luas fhir lár páirce Mhaigh Eo agus Aidan O’ Shea ach go háirithe. Ar an láimh eile de, caithfidh cúlaithe Mhaigh Eo bheith ar airdeall chomh maith. Má thugtar aon spás ar chor ar bith do thosaithe Chiarraí beidh Maigh Eo i bponc.

 aidan-o-shea.jpg

Chomh maith leis sin, beidh fir ionaid an-láidir ag Ciarraí agus d’fhéadfadh tionchar an-mhór a bheith ag na fir ionaid ar an gcluiche. Cuimhnigh go mbeidh Bryan Sheehan, Ciarán Donaghy, Darran O’ Sullivan agus Declan O’ Sullivan ag fanacht go mífhoighneach le teacht isteach agus dochar a dhéanamh.

 

Cé a bheidh ag gabháil ar aghaidh go cluiche ceannais na hÉireann: Ciarraí – ach ar éigean, ar phointe amháin b’fhéidir! Binse Chiarraí a bhuafaidh an cluiche dóibh sa deireadh. Bígí ag súil le cluiche iontach.

 

Ag tosú do Chiarraí Dé Domhnaigh:

Brian Kelly, Marc Ó Sé, Aidan O’ Mahony, Shane Enright, Paul Murphy, Peter Crowley, Fionn Fitzgerald, Anthony Maher, David Moran, Michael Geaney, Johnny Buckley, Donnchadh Walsh, Stephen O’ Brien, James O’ Donoghue.

 

Ag tosú do Mhaigh Eo Dé Domhnaigh:

Robert Hennelly, Chris Barrett, Ger Cafferkey, Keith Higgins, Lee Keegan, Tom Cunniffe, Colm Boyle, Donal Vaughan, Séamus O’ Shea, Kevin McLoughlin, Aidan O’ Shea, Jason Doherty, Cillian O’ Connor, Andy Moran, Alan Dillon.

 

 

Advertisements