Níl aon cheist ann ach go bhfuil géarghá le breathnú ar struchtúr reatha an chraobhchomórtais peile. Ar an drochuair, níl ag éirí leis an struchtúr faoi mar atá sé faoi láthair agus is chun sochair na bhfoirne is láidre atá sé ó cuireadh tús leis. Ba sa mbliain 2001 a cuireadh an córas nua ar bun agus bhí sé mar aidhm aige an dara seans a thabhairt do gach foireann nár éirigh leo gabháil a fhad le cluichí ceannais na gcúigí.

Tá na foirne láidre ag fáil níos mó de bhuntáiste as an gcóras reatha ná mar atá na foirne laga. Níl aon amhras faoi sin. I gcead do Chumann Lúthchleas Gael, áfach, d’aithin siad go raibh laigí sa struchtúr a bhí ann ag an am agus cheap siad go raibh réiteach acu ar an scéal nuair a socraíodh an struchtúr nua a chur i bhfeidhm. Aitheantas a bhí sa dara seans seo ar an obair mhór a chuireann chuile phainéal idirchontae isteach ó cheann ceann na bliana.

 tc3adr-eoghain.jpg

Ó 2001 i leith tá an chraobh uile-Éireann buaite seacht n-uaire ag foirne a tháinig tríd an gcúldoras, mar a thugtar air. Sin 7 gcinn as 13. Is léir mar sin, gurb iad na foirne láidre is mó atá baint leasa as an gcóras seo seachas na foirne laga mar a bhí beartaithe an chéad lá. Nuair a chailleann foirne a gcéad chluiche agus má cheapann siad nach bhfuil seans acu a bheith fós ag imirt tar éis mhí Iúil is minic a bhíonn lagmhisneach orthu. Ag eascairt as an lagmhisneach sin, feictear go minic go bhfágann imreoirí na painéil éagsúla le gabháil go Meiriceá nó aiteanna eile. Níl sé seo ceart. Caithfidh muid córas a bhunú a dhéanfadh an freastal cuí ar ár gcuid imreoirí agus a choinneodh anseo in Éirinn iad.

Tá trí chéim ann dar le CLG GO Deo a chuirfeadh go mór le, ní hamháin an craobhchomórtas peile, ach leis an tsraith agus leis na comórtais a bhíonn ar siúl ag tús na bliana. Sula bpléifear na trí chéimeanna sin is ocht ngrúpa de cheithre fhoireann atá á mholadh againn anseo mar chraobhchomórtas peile agus chaithfeadh na foirne sna grúpaí sin imirt in aghaidh a chéile, dar ndóigh.

Céim a haon

Táthar ann a cheapann nach féidir an struchtúr reatha a athrú de bharr na gcomórtas cúige. In ainneoin nach bhfuil ach dhá chúige iomaíoch faoi láthair – cúige Uladh agus cúige Mumhan go pointe – níl aon amhras ann ach go bhfuil tábhacht nach beag agus stair mhór ag baint leis na comórtais cúige. Dá bhrí sin, mholfaí gan fáil réidh leis na comórtais seo, ach, mholfaí iad a imirt i mí Eanáir in áit na gcomórtas a bhíonn ar siúl ag tús na bliana go hiondúil, in áit leithéidí Chorn Mhic Cionnaith agus Chorn Uí Bhroin mar shampla. D’fhéadfadh na comórtais cúige a bheith críochnaithe roimh dheireadh mhí Eanáir. Ba cheart go meallfadh na comórtais seo níos mó de lucht féachana an t-am sin bliana agus cheadódh a leithéid tarraingt oscailte a bheith ann sa samhradh do chraobhchomórtas uile-Éireann.

 draw_general2013.jpg

Céim a dó

D’fhéadfá an tSraith Náisiúnta a úsáid le socrú cé a bheadh sna grúpaí éagsúla sa samhradh. Mar shampla, d’fhéadfá na foirne i Roinn 1, faoi mar atá ag tús 2015, a chur isteach sna grúpaí éagsúla mar chéad fhoireann. D’fhéadfá foirne Roinn 2 a scaipeadh i ngach grúpa ansin agus foirne Roinn 3 agus 4 ar an gcaoi chéanna. An toradh is mó a bheadh air seo ná go mbeadh an tsraith iomaíoch agus go mbeadh foirne ag díriú níos mó uirthi. Táthar ann a deir gur cuma le bainisteoirí srl…faoin tsraith ach thiocfadh athrú láithreach ar an meon sin dá mbeadh a leithéid sin de chóras i bhfeidhm. Bheadh tábhacht léi. D’fhéadfá an tsraith a imirt thar 10 seachtaine idir lár mhí Feabhra agus deireadh mhí Aibreáin. Bheadh 7 gcluiche ag gach foireann thar 10 seachtaine. Bheadh cluiche réitigh ag an deireadh don dá fhoireann is fearr i ngach roinn le teacht ar bhuaiteoirí éagsúla na sraitheanna.

Céim a trí

D’fhéadfá tús a chur le grúpaí an chraobhchomórtais nua seo i lár mhí Bealtaine agus d’fhéadfá na cluichí a imirt thar mhí iomlán. Chinnteodh sé seo go mbeadh ar a laghad trí chluiche craoibhe ag gach foireann. Ghabhfadh an dá fhoireann is mó pointí ar aghaidh go dtí an dara babhta agus comórtas ceart craoibhe a bheadh ann ina dhiaidh sin go dtí an deireadh – cluichí dara babhta, cluichí ceathrú ceannais, cluichí leathcheannais agus cluiche ceannais.

Chinnteodh an córas seo go mbeadh ar an bhfoireann bhuacach 7 gcluiche a imirt le cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan. Faoi mar atá an córas reatha is féidir le Ciarraí nó Maigh Eo an chraobh a bhuachan agus gan ach 5 chluiche a imirt. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ar Thír Chonaill nó ar Áth Cliath 7 gcinn a imirt leis an gcraobh a bhuachan.

Le freastal a dhéanamh ar leithéidí Chill Chainnigh, Londan is Nua Eabhrac d’fhéadadh babhtaí cáilithe a eagrú le feiceáil cé acu a ghabhfadh isteach sna grúpaí bunaithe ar na foirne is lú pointí i Roinn 4 den tsraith. D’fhéadfaí deis a thabhairt do fhoirne eile idirnáisiúnta cáiliú don chomórtas, freisin.

Leis an tríú céim seo, d’fhéadfadh an craobhchomórtas a bheith thart roimh dheireadh mhí Lúnasa rud a thabharfadh i bhfad níos mó ama do Chumann Lúthchleas Gael comórtais club a chur i gcrích roimh mhí na Nollag. Bheadh sé éasca, freisin, na comórtais idirchúige a shníomh isteach in áit éigin le linn na bliana agus an t-aitheanas ceart a thabhairt dóibh.

I gcomparáid le cluichí eile ní bhíonn mórán cluichí i bhféilire peile idirchontae CLG. Dar ndóigh dá n-éireodh le foireann as cúige Laighean gach cluiche a bhuachan i mbliana ní bheadh ach 20 cluiche ar fad le himirt acu – gan cluichí a chríochnódh ar chomhscór a thabhairt san áireamh. Dar ndóigh is amaitéaraigh iad na himreoirí seo a bhíonn ag imirt lena gcuid clubanna freisin, agus chaithfeá sin a thabhairt san áireamh agus ár leithéidse ag plé an easpa cluichí idirchontae a bhíonn acu. Chinnteodh an córas atá á mholadh anseo go mbeadh ar a laghad 11 cluiche ag gach contae gach bliain, áfach.

eugene-mcgee.jpg

Tá go leor tuairimí ann i leith an ábhair seo agus is fiú éisteacht le chuile cheann acu. Tá daoine ann nach n-aontódh leis an méid atá á mholadh anseo agus tá an ceart sin acu. Sin ráite, ta géarghá le struchtúr nua sa gcraobhchomórtas agus ní thiocfar ar réiteach sásúil mara gcaitear gach cineál tuairime ar an mbord agus tá bunús maith molta anseo againn. Is faoi Eugene McGaee agus lucht an FRC a bheidh sé tabhairt faoin obair seo agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil dúchslán mór rompu agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach sásúil agus baill an chumainn a thabhairt leo. Tá réiteach simplí dearfach anseo acu má tá sé uathu!

Advertisements