D’fhógair Paddy Keenan go raibh sé ag éirí as peil idirchontae leis an Lú tríd an GPA an tseachtain seo. Dúirt sé go raibh sé ag éirí as de dheasca gortuithe fadtéarmacha a bhí aige le blianta beaga anuas chomh maith le cúrsaí oibre. Luaigh sé gur cinneadh an-deacair a bhí ann dó.

 paddy-keenan.jpg

Le linn a thréimhse le peileadóirí an Lú d’éirigh leis gradam Uile-Réalta a bhuachan mar imreoir lár páirce sa mbliain 2010 tar éis gur chaill an Lú in aghaidh na Mí i gcluiche ceannais peile chúige Laighean go conspóideach. Bhuaigh sé Corn Tommy Murphy lena chontae i 2006 chomh maith le Roinn 2 den tSraith Náisiunta. Bhí se mar chuid den fhoireann a bhuaigh Roinn 3 den tSraith Náisiúnta i 2011, freisin.

Tá Paddy 29 faoi láthair agus thug sé 12 bliain dá shaol dá chontae go dtí seo. Tá 29 óg go leor do imreoir idirchontae a bheith ag éirí as. Mar sin, cá bhfios ach go bhfeicfidh muid arís é i ndathanna an Lú amach anseo. B’fhéidir go ndéanfadh sé athmhacnamh ar an gcinneadh seo tar éis dó briseadh bliana a thógáil ón gcluiche idirchontae. Níl aon amhras faoi ach gur caillteanas mór millteach é do fhoireann peile an Lú don chéad bhliain eile.

Bealach amháin nó bealach eile guíonn CLG GO Deo gach rath air don todhchaí.

Advertisements