Mar is iondúil don am seo bliana tá go neart cuir agus cúitimh ann maidir le fógairt bhuaiteoirí na nGradam Uile-Réalta. An pointe is mó a ardaítear gach bliain ná céard air a mbíonn na gradaim seo bunaithe. An mbíonn caighdeán imeartha na n-imreoirí sa tsraith san áireamh? An mbíonn caighdeán imeartha na n-imreoirí leis an gclub san áireamh? An ó na cluichí ceathrú ceannais den chraobhchomórtas ar aghaidh a bhunaítear na gradaim mhóra onóracha seo?

 paul-flynn.jpg

Fágfaidh muid an cur agus cúiteamh maidir leis an gceist seo agaibh féin. Tá rud amháin fíor, áfach. Is sárimreoirí na himreoirí uilig a ainmníodh i mbliana agus is leis an gceithre chontae is fearr peile atá siad ag imirt – gan aon cheist.

Ainmníodh cúigear de chuid Chiarraí, ceathrar de chuid Dhún na nGall, triúr de chuid Átha Cliath agus triúr de chuid Mhaigh Eo. Is iad seo a leanas buaiteoirí na nGradam Uile-Réalta 2014:

Cúl Báire

(1) Paul Durcan (Dún na nGall)

Lánchúlaithe

(2) Paul Murphy (Ciarraí)

(3) Neil McGee (Dún na nGall)

(4) Keith Higgins (Maigh Eo)

Leathchúlaithe

(5) James McCarthy (Áth Cliath)

(6) Peter Crowley (Ciarraí)

(7) Colm Boyle (Maigh Eo)

Lár páirce

(8) Neil Gallagher (Dún na nGall)

(9) David Moran (Ciarraí)

Leatosaithe

(10) Paul Flynn (Áth Cliath)

(11) Michael Murphy (Dún na nGall)

(12) Diarmuid Connolly (Áth Cliath)

Lántosaithe

(13) Cillian O’ Connor (Maigh Eo)

(14) Kieran Donaghy (Ciarraí)

(15) James O’ Donoghue (Ciarraí)