Shane Ward ina Bhainisteoir Nua ar Fhoireann Peile Liatroma

shane-ward1.jpg

Ceapadh Shane Ward, an bainisteoir reatha ar an bhfoireann faoi 21, ina bhainteoir ar fhoireann peile Liatroma ag cruinniú de chuid Bhord Contae Liatroma oíche areir, Dé Luain, 16 Meán Fómhair. Coinneoidh sé air ina ról mar bhainteoir ar an bhfoireann faoi 21, freisin. Is as Béal Átha Seanaidh, contae Dhún na nGall, do Ward ach tá sé ina chonaí i gCluainín Uí Ruairc le fada.

Tagann sé i gcomharba ar Sheán Hagan a d’éirigh as i mbliana de bharr cúrsaí oibre agus táthar ag súil go mbeidh sé in ann an fhoireann a thabhairt ar aghaidh píosa maith sa mbliain atá amach romhainn. Dar ndóigh, bhí bliain an-mhaith ag Seán Hagan sa mhéid is gur éirigh leis an Corn FBD a bhuachan agus rinne Liatroim réasunta maith sa tSraith Náisiúnta ina dhiaidh sin.

Mar bhainsteoir ar an bhfoireann faoi 21 d’éirigh le Ward agus a fhoireann an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh i mbliana nuair a bhuaigh siad orthu ar chúilín amháin i gcluiche leathcheannais peile chúige Chonnacht. B’in é an chéad bhua a bhí ag Liatroim sa gcraobhchomórtas sin ó 1998 i leith.

Guíonn muid gach rath ar Shane Ward don bhliain amach romhainn.

Advertisements

Freagraí 20 Ceist CLG Ort

1. Cé bhí mar chaptaen ar fhoireann peile Dhún na nGall nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1992?

Freagra: Anthony Molloy

2. Cá mhéad Craobh Shinsearach peile uile-Éireann atá buaite ag Naomh Uinseann, CLG, Áth Cliath – 2, 3 nó 4 cinn?

Freagra: 3 cinn

3. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh Shinsearach Iománaíochta na hÉireann buaite ag Gaillimh?

Freagra: 4 cinn

4. Cén bhliain inar ardaigh Dara Ó Cinnéide Sam Maguire mar chaptaen buachach ar Chiarraí?

Freagra: 2004

5. Cén fhoireann dheireanach a bhuaigh 2 chluiche ceannais peile na hÉireann i ndiaidh a chéile gan cluiche a chailliúint?

Freagra: Corcaigh

6. Ainmnigh an t-athair agus an mac a bhuaigh ‘All Stars’ don áit chéanna ar an bpáirc leis an gcontae céanna?

Freagra: Paddy agus Pat Reynolds, An Mhí

7. Cén t-ainm atá ar an gcorn a bhronntar ar bhuaiteoiri Chraobhchomórtas Peile Mionúir na hÉireann?

Freagra: Corn Tom Markham

8. Cá mhéad Craobh Iománaíochta atá buaite ag Mattie Murphy i ngrád na mionúr?

Freagra: 6 cinn

9. Cén bhliain inar imríodh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann don chéad uair?

Freagra: 1887

10. Cé hiad bainisteoirí reatha foireann peile Chrois Mhic Lionnáin?

Freagra: John McEntee agus Oisín McConville

11. Cé bhí mar bhainisteoir ar fhoireann peile Phort Láirge le dhá bhliain anuas?

Freagra: Niall Carew

12. Cá mhéad cluiche craoibhe a d’imir Darragh Ó Sé le sinsir Chiarraí – 71, 81 nó 91?

Freagra: 81

13. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh Iománaíochta Sinsir na hÉireann buaite ag Luimneach?

Freagra: 7 n-uaire

14. Ainmnigh beirt imreoirí a chur cic éirice amú i níos mó ná cluiche ceannais peile na hÉireann amháin.

Freagra: Charlie Redmond agus Trevor Giles

15. Ainmnigh beirt imreoirí a scóráil 2 chúl i gcluiche ceannais peile na hÉireann ach a bhí ar an bhfoireann a chaill.

Freagra: Joe Kernan agus Kevin O’ Neill

16. Cé hé bainisteoir reatha fhoireann peile Londan?

Freagra: Paul Coggins

17. Cé hé bainsteoir reatha fhoireann peile an Chláir?

Freagra: Colm Collins

18. Cá mhéad Craobh sinsir uile-Éireann atá buaite ag CLG Port Omna san iománaíocht?

Freagra: 4 cinn

19. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh Chonnacht buaite ag peileadóirí sinsir Shligigh? 2, 3 nó 4 huaire?

Freagra: 3 huaire

20. Fíor nó Bréagach. Bhuaigh athair Pádraig Harrington, Paddy, bonn uile-Éireann le foireann iománaíochta Chorcaí.

Freagra: Bréagach

Plean 3 Céime do Chraobhchomórtas Peile na hÉireann

Níl aon cheist ann ach go bhfuil géarghá le breathnú ar struchtúr reatha an chraobhchomórtais peile. Ar an drochuair, níl ag éirí leis an struchtúr faoi mar atá sé faoi láthair agus is chun sochair na bhfoirne is láidre atá sé ó cuireadh tús leis. Ba sa mbliain 2001 a cuireadh an córas nua ar bun agus bhí sé mar aidhm aige an dara seans a thabhairt do gach foireann nár éirigh leo gabháil a fhad le cluichí ceannais na gcúigí.

Tá na foirne láidre ag fáil níos mó de bhuntáiste as an gcóras reatha ná mar atá na foirne laga. Níl aon amhras faoi sin. I gcead do Chumann Lúthchleas Gael, áfach, d’aithin siad go raibh laigí sa struchtúr a bhí ann ag an am agus cheap siad go raibh réiteach acu ar an scéal nuair a socraíodh an struchtúr nua a chur i bhfeidhm. Aitheantas a bhí sa dara seans seo ar an obair mhór a chuireann chuile phainéal idirchontae isteach ó cheann ceann na bliana.

 tc3adr-eoghain.jpg

Ó 2001 i leith tá an chraobh uile-Éireann buaite seacht n-uaire ag foirne a tháinig tríd an gcúldoras, mar a thugtar air. Sin 7 gcinn as 13. Is léir mar sin, gurb iad na foirne láidre is mó atá baint leasa as an gcóras seo seachas na foirne laga mar a bhí beartaithe an chéad lá. Nuair a chailleann foirne a gcéad chluiche agus má cheapann siad nach bhfuil seans acu a bheith fós ag imirt tar éis mhí Iúil is minic a bhíonn lagmhisneach orthu. Ag eascairt as an lagmhisneach sin, feictear go minic go bhfágann imreoirí na painéil éagsúla le gabháil go Meiriceá nó aiteanna eile. Níl sé seo ceart. Caithfidh muid córas a bhunú a dhéanfadh an freastal cuí ar ár gcuid imreoirí agus a choinneodh anseo in Éirinn iad.

Tá trí chéim ann dar le CLG GO Deo a chuirfeadh go mór le, ní hamháin an craobhchomórtas peile, ach leis an tsraith agus leis na comórtais a bhíonn ar siúl ag tús na bliana. Sula bpléifear na trí chéimeanna sin is ocht ngrúpa de cheithre fhoireann atá á mholadh againn anseo mar chraobhchomórtas peile agus chaithfeadh na foirne sna grúpaí sin imirt in aghaidh a chéile, dar ndóigh.

Céim a haon

Táthar ann a cheapann nach féidir an struchtúr reatha a athrú de bharr na gcomórtas cúige. In ainneoin nach bhfuil ach dhá chúige iomaíoch faoi láthair – cúige Uladh agus cúige Mumhan go pointe – níl aon amhras ann ach go bhfuil tábhacht nach beag agus stair mhór ag baint leis na comórtais cúige. Dá bhrí sin, mholfaí gan fáil réidh leis na comórtais seo, ach, mholfaí iad a imirt i mí Eanáir in áit na gcomórtas a bhíonn ar siúl ag tús na bliana go hiondúil, in áit leithéidí Chorn Mhic Cionnaith agus Chorn Uí Bhroin mar shampla. D’fhéadfadh na comórtais cúige a bheith críochnaithe roimh dheireadh mhí Eanáir. Ba cheart go meallfadh na comórtais seo níos mó de lucht féachana an t-am sin bliana agus cheadódh a leithéid tarraingt oscailte a bheith ann sa samhradh do chraobhchomórtas uile-Éireann.

 draw_general2013.jpg

Céim a dó

D’fhéadfá an tSraith Náisiúnta a úsáid le socrú cé a bheadh sna grúpaí éagsúla sa samhradh. Mar shampla, d’fhéadfá na foirne i Roinn 1, faoi mar atá ag tús 2015, a chur isteach sna grúpaí éagsúla mar chéad fhoireann. D’fhéadfá foirne Roinn 2 a scaipeadh i ngach grúpa ansin agus foirne Roinn 3 agus 4 ar an gcaoi chéanna. An toradh is mó a bheadh air seo ná go mbeadh an tsraith iomaíoch agus go mbeadh foirne ag díriú níos mó uirthi. Táthar ann a deir gur cuma le bainisteoirí srl…faoin tsraith ach thiocfadh athrú láithreach ar an meon sin dá mbeadh a leithéid sin de chóras i bhfeidhm. Bheadh tábhacht léi. D’fhéadfá an tsraith a imirt thar 10 seachtaine idir lár mhí Feabhra agus deireadh mhí Aibreáin. Bheadh 7 gcluiche ag gach foireann thar 10 seachtaine. Bheadh cluiche réitigh ag an deireadh don dá fhoireann is fearr i ngach roinn le teacht ar bhuaiteoirí éagsúla na sraitheanna.

Céim a trí

D’fhéadfá tús a chur le grúpaí an chraobhchomórtais nua seo i lár mhí Bealtaine agus d’fhéadfá na cluichí a imirt thar mhí iomlán. Chinnteodh sé seo go mbeadh ar a laghad trí chluiche craoibhe ag gach foireann. Ghabhfadh an dá fhoireann is mó pointí ar aghaidh go dtí an dara babhta agus comórtas ceart craoibhe a bheadh ann ina dhiaidh sin go dtí an deireadh – cluichí dara babhta, cluichí ceathrú ceannais, cluichí leathcheannais agus cluiche ceannais.

Chinnteodh an córas seo go mbeadh ar an bhfoireann bhuacach 7 gcluiche a imirt le cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan. Faoi mar atá an córas reatha is féidir le Ciarraí nó Maigh Eo an chraobh a bhuachan agus gan ach 5 chluiche a imirt. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ar Thír Chonaill nó ar Áth Cliath 7 gcinn a imirt leis an gcraobh a bhuachan.

Le freastal a dhéanamh ar leithéidí Chill Chainnigh, Londan is Nua Eabhrac d’fhéadadh babhtaí cáilithe a eagrú le feiceáil cé acu a ghabhfadh isteach sna grúpaí bunaithe ar na foirne is lú pointí i Roinn 4 den tsraith. D’fhéadfaí deis a thabhairt do fhoirne eile idirnáisiúnta cáiliú don chomórtas, freisin.

Leis an tríú céim seo, d’fhéadfadh an craobhchomórtas a bheith thart roimh dheireadh mhí Lúnasa rud a thabharfadh i bhfad níos mó ama do Chumann Lúthchleas Gael comórtais club a chur i gcrích roimh mhí na Nollag. Bheadh sé éasca, freisin, na comórtais idirchúige a shníomh isteach in áit éigin le linn na bliana agus an t-aitheanas ceart a thabhairt dóibh.

I gcomparáid le cluichí eile ní bhíonn mórán cluichí i bhféilire peile idirchontae CLG. Dar ndóigh dá n-éireodh le foireann as cúige Laighean gach cluiche a bhuachan i mbliana ní bheadh ach 20 cluiche ar fad le himirt acu – gan cluichí a chríochnódh ar chomhscór a thabhairt san áireamh. Dar ndóigh is amaitéaraigh iad na himreoirí seo a bhíonn ag imirt lena gcuid clubanna freisin, agus chaithfeá sin a thabhairt san áireamh agus ár leithéidse ag plé an easpa cluichí idirchontae a bhíonn acu. Chinnteodh an córas atá á mholadh anseo go mbeadh ar a laghad 11 cluiche ag gach contae gach bliain, áfach.

eugene-mcgee.jpg

Tá go leor tuairimí ann i leith an ábhair seo agus is fiú éisteacht le chuile cheann acu. Tá daoine ann nach n-aontódh leis an méid atá á mholadh anseo agus tá an ceart sin acu. Sin ráite, ta géarghá le struchtúr nua sa gcraobhchomórtas agus ní thiocfar ar réiteach sásúil mara gcaitear gach cineál tuairime ar an mbord agus tá bunús maith molta anseo againn. Is faoi Eugene McGaee agus lucht an FRC a bheidh sé tabhairt faoin obair seo agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil dúchslán mór rompu agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach sásúil agus baill an chumainn a thabhairt leo. Tá réiteach simplí dearfach anseo acu má tá sé uathu!

Cill Chainnigh 3-22 Tiobraid Árann 1-28

Croí, anam, díocas, ionracas, spiorad, uaillmhian, tiomantas, spórtúil, cumhachtach, ruathar i ndiaidh ruathair, sárchúilíní, sárchúil, húcáil, blocáil, crampa, cuaillí, hawkeye, laochra. Tagann focla mar sin agus go leor leor eile chun cinn agus muid ag smaoineamh ar chluiche an lae inné i bPáirc an Chrócaigh.

 reidtj_handshake.jpg

Cén áit ar cheart dom tosú ar chluiche ceannais iománaíochta an lae inné idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann. Ní bheadh barúil agam cén áit ar cheart tosú ar anailís a dhéanamh ar a leithéid sin de chluiche. Bhí gach rud atá go maith faoin gcluiche ar taispeáint ann ó thús go deireadh. Ní raibh amhras ar bith orm faoi roimhe seo, ach tá sé lansoiléir anois gurb í an iománaíocht an cluiche is fearr ar thalamh an domhain seo. Ba cheart do dhune ar bith a déarfadh a mhalairt breathnú ar chluiche an lae inné.

Ba é Richie Hogan a ainmníodh mar laoch na himeartha ach i ndáiríre d’fhéadfaí an gradam a bhronnadh ar dhuine ar bith a bhí ar an bpáirc. Laochra a bhí iontu uilig.

 codyoshea_handshake1.jpg

Bhí seans ag John O’ Dwyer an cluiche a bhuachan le poc saor do Thiobraid Árann leis an bpoc deireanach sa gcluiche ach tar éis a ghabháil i muinín hawkeye socraíodh gur ar dheis agus ar fóraoil a chuaigh an sliotar. Ní bheadh sé ceart ar aon imreoir a bhí ar an bpáirc cluiche den chineál sin a chailleadh leis an bpoc deireanach den chluiche. Dá bhrí sin, is dócha nach mbeadh mórán ann a déarfadh nach bhfuair muid an toradh ceart.

Is ar an Satharn, 27 Meán Fómhair, a bheidh an athimirt ag a cúig a chlog i bPáirc an Chrócaigh agus má bhíonn cluiche leath chomh maith agus a bhí againn inné beidh cluiche den chéad scoth ann. Bhí cluiche an lae inné ar cheann de na cluichí ab fhearr a imríodh riamh. Níl aon amhras faoi sin.

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael inniu go mbeadh laghdú suntasach i bpraghas na dticéad don athimirt díreach mar a bhí do na hathimirtí i 2012 agus 2013. Is €50 a bheidh ar thicéad suí do dhuine fásta, €25 a bheidh ar thicéad don Chnoc agus €10 a bheidh ar thicéid do ghasúir. Dar ndóigh, is dea-scéal í an athimirt seo do lucht an chumainn go háirithe tar éis gur cuireadh ceolchoirmeacha Garth Brooks ar ceal níos túisce sa mbliain!

Diabhal mórán eile a d’fhéadfá a rá faoi chluiche an lae inné seachas buíochas a ghabháil le foirne Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann as a leithéid sin de fhéasta iománaíochta agus de shiamsaíocht a chur ar fáil do ghaeil timpeall an domhain mhóir. Guíonn muid gach rath ar an dá fhoireann iontacha seo agus iad ag réiteach don athimirt. Go dtí 27 Meán Fómhair…

Cill Chainnigh

Scóralaithe: TJ Reid 1-8 (6ps), R Power 2-1, R Hogan 0-6, E Larkin 0-2, C Fennelly 0-1, M Fennelly 0-1, C Fogarty 0-1, W Walsh 0-1, B Hogan 0-1.

Tiobraid Árann

Scóralaithe: S Callanan 0-7 (2ps), J O’Dywer 0-7 (2ps), Patrick Maher 1-1, N McGrath 0-4, L Corbett 0-2, S McGrath 0-2, J Woodlock 0-1, G Ryan 0-1, M Cahill 0-1, P Stapleton 0-1, J Forde 0-1.

 

 

 

 

Comórtas Iománaíochta Seachtar an Taobh Chill Mochuda na Crócaigh

Beidh an 42ú Comórtas Iománaíochta Seachtar an Taobh de chuid Chill Mochuda na Crócaigh ar siúl amárach, Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair i Stigh Lorgan, i mBaile na Lobhar agus i mBrí Chualann. An-chomórtas é seo do lucht leanta na hiománaíochta agus i gcomórtais den chineál seo is gá a bheith an-sciliúil agus a bheith an-aclaí. Tá an comórtas seo ar cheann de na príomhimeachtaí i bhféilire iománaíochta Chumann Lúthchleas Gael chuile bhliain agus tarraingíonn sé na mílte ar Stigh Lorgan bliain i ndiaidh bliana.

 cupc3a1n-7-an-taobh.jpg

I mbliana beidh 20 foireann san iomaíocht don phríomhdhuais agus is iad One Direct a bheidh mar phríomhurraí ar an gcomórtas arís i mbliana. I measc an 20 foireann sin a bheidh ag glacadh páirte sa gcomórtas seo tá foirne as an gceithre chúige – ceithre fhoireann as Áth Cliath is Tiobraid Árann, trí fhoireann as Corcaigh, dhá fhoireann as an gClár, as Gaillimh is as an Dún, foireann amháin as Cill Chainnigh agus foireann amháin as Laois. Beidh cúig ghrúpa ann agus gabhfaidh buaiteoirí gach grúpa ar aghaidh chuig na cluichí ceathrú ceannais chomh maith leis an trí fhoireann is mó pointí, a thagann sa dara háit sna grúpaí uilig. Ba cheart go mbeadh an cluiche ceannais ar siúl thart ar 6.30, trathnóna Dé Sathairn, ar phríomhpháirc imeartha na gCrócach.

 ballyboden.jpg

Rinneadh ruainne beaga staire anuraidh nuair a d’éirigh le foireann as Baile Átha Cliath an comórtas seo a bhuachan don chéad uair nuair a d’ardaigh Baile Buadáin Naomh Éanna an corn agus, dar ndóigh, beidh siad iomaíocht arís i mbliana.

Níl aon amhras ach go mbeidh an-lá iománaíochta ann mar a bhíonn chuile bhliain sna comórtais seo a eagraíonn Cill Mochuda na Crócaigh. Dar ndóigh, mara bhfuil do thicéad agat do chluiche ceannais na hÉireann ar an Domhnach, is minic a bhíonn corrthicéad le fáil ag na comórtais seachtar an taobh seo. Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas iontach seo ar shuíomh idirlín na gCrócach anseo: http://www.kilmacudcrokes-hurling.com/

Todhchaí Bhreá Roimh Pheileadóirí na Ríochta

Ní mise an t-aon duine a thuar go mbeadh tamall maith le fanacht ag peileadóirí Chiarraí go mbuafadh siad a gcéad chraobh uile-Éireann eile tar éis do leithéidí Tommy Walsh, Eoin Brosnan, Darragh agus Tomás Ó Sé, Paul Galvin, Tadhg Kennelly agus go leor eile éirí as an bpainéal le blianta beaga anuas. Bhí mise i measc na ndaoine sin (agus níl mórán ann nach raibh!) a cheap go dtógfadh sé blianta fada ar Chiarraí foireann nua a thógáil agus a chur san iomaíocht arís. D’fhoghlaim mé ceacht. Beidh foireann mhaith i gcónaí ag Ciarraí. Beidh siad i gcónaí san iomaíocht.

 mionc3bair-chiarrac3ad.jpg

Tá an pheil go smior i muintir Chiarraí. Tá sí istigh iontu ón am a mbíonn siad sa mbroinn. Tabhair ‘caid’ do leaid óg nó do chailín óg ar bith i gCiarraí agus ciceálfaidh siad scóranna leis an gcos chle nó leis an gcos dheas. Níl uathu ach leithscéal le taispeántas a thabhairt duit ar a gcuid scileanna nádúrtha. Is breá leo bheith ag obair ar na scileanna seo agus iad a chleachtadh. Tá sé seo le feiceáil ón meid a dúirt Tomás Ó Sé le Des Cahill nuair a mhínigh sé dó céard a bhí i gceist le ‘peil’ anseo – https://www.youtube.com/watch?v=-a_Z9sZn9Zw . Tá an pheil san fhuil acu!

Tá cúig bliana imithe ó bhuaigh Ciarraí Craobh na hÉireann in aghaidh Chorcaí i 2009. Ba é Killian Young an t-aon imreoir a thosaigh san athimirt in aghaidh Mhaigh Eo an tseachtain seo caite a d’imir in aghaidh Chorcaí sa gcluiche ceannais an lá sin. Tá sé fíor go raibh cuid den fhoireann sin a d’imir sa gcluiche sin i 2009 ar bhinse Chiarraí in aghaidh Mhaigh Eo ach tá sé dochreidte go bhfuil an fhoireann nua seo, atá tógtha ag Éamonn Fitzmaurice, san iomaíocht agus i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana.

Tá éacht mór millteach déanta ag Fitzmaurice. Níor thug duine ar bith taobh amuigh de Chiarraí seans dó nuair a thóg sé an jab. Níor cheap aoinne riamh go mbeadh siad san iomaíocht chomh luath sin tar éis gur thug se faoi athruithe móra a dhéanamh, le linn a chéad fheachtais sraithe, agus tar éis do Áth Cliath léasadh a thabhairt dóibh thíos i gCill Airne.

D’aithin gach duine go ndearna Ciarraí éacht anuraidh nuair a chuaigh siad a fhad le cluiche leathcheannais na hÉireann agus nuair a thug siad sárchluiche do na Dubs. D’éirigh Tomás Ó Sé, Paul Galvin agus Eoin Brosnnan as an bpainéal go gairid tar éis an chluiche sin,áfach, agus tharring Gooch a bhallnasc croiseach ag imirt lena chlub tamall ina dhiaidh sin – rud a chinntigh nach mbeadh sé ar fáil do Fitzmuarice i mbliana. Tar éis an mhéid sin uilig cheap an t-uafás daoine, agus go leor de mhuintir Chiarraí ina measc, go raibh siad imithe agus go dtógfadh sé tamall orthu foireann nua a thógail. Bhí siad mícheart. Tá siad i gcluiche ceannais na hÉireann. Tá teachtaireacht le foghlaim ag go leor daoine. Beidh foireann mhaith i gcónaí ag Ciarraí.

Staitistic atá fíorshuimiúil ná nach bhfuil ach craobh amháin faoi 21 buaite ag Ciarraí ó 1998 i leith agus níl ach craobh amháin mionúir buaite acu ó 1994 i leith. Ina ainneoin sin, tá foireann seo Ciarraí an-láidir agus d’fhéadfadh Craobh uile-Éireann eile a bheith acu roimh dheireadh na míosa seo. Tá Ciarraí ag tabhairt faoin nganntanas craobhacha seo atá acu faoi aois agus scantróidh sé seo na contaetha eile.

 darragh-c3b3-sc3a9.jpg

Is léir go n- aithníonn lucht peile sa gcontae go bhfuil géargha leis an bhforbairt seo, ach go háirithe nuair a fheiceann siad an obair uilig agus an dul chun cinn uilig atá déanta ag leitheidí na Dubs, faoi aois, le deich mbliana anuas. Is é Jack O’ Connor atá anois ina bhainisteoir ar na mionúir agus is é Darragh Ó Sé atá i mbun na foirne faoi 21 – agus Séamus Moynihan agus Donie Buckley (de réir tuaisicí áirithe an tseachtain seo) ar an bhfoireann bainistíochta anois aige. Ainmneacha móra iad seo agus níl amhras ar bith ann go mbeidh toradh le feiceáil ar a gcuid oibre go luath. Dar ndóigh, feicfidh muid foireann Jack O’ Connor i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche ceannais na hÉireann ar 21 Mean Fómhair agus iad ag iarraidh a gcéad chraobh mionúir uile-Éireann a bhuachan do mhionúir Chiarraí ó 1994. Léiríonn na hainmneacha móra seo an dáiríreacht agus an tiomantas atá ag lucht peile i gCiarraí don chéad ghlúin eile.

Más gorta é do mhuintir Chiarraí nuair nach bhfuil Craobh uile-Éireann buaite acu le cúig bliana anuas ní gá aon imní a bheith orthu. Tá todhchaí bhreá rompu agus ní bheidh siad i bhfad eile ag fanacht ar Chraobh uile-Éireann uimhir a 37!

 

20 Ceist CLG Ort!

20 Ceist CLG Ort!

Cé chomh heolach is atá tú ar chúrsaí CLG? Seo chugat 20 ceist le fáil amach. Níl cead na freagraí a ghúgláil!! Mara bhfuil tú in ann iad uilig a fhreagairt tú féin tabhair leat amach chuig an teach tábhairne nó chuig an oifig iad. Cuirfear na freagraí suas trathnona Dé Luain. Go n-éirí libh.

Má fhaigheann tú 18+ is saineolaí thú ar chúrsaí CLG!

Má fhaigheann tú 15+ tá tú an-eolach ar chúrsaí CLG.

Má fhaigheann tú 10+ ta tú réasúnta eolach ar chúrsaí CLG.

Níos lú ná 10 – Go leor le déanamh!

dara-c3b3-cinnc3a9ide.jpg

  1. Cé bhí mar chaptaen ar fhoireann peile Dhún na nGall nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1992?
  2. Cá mhéad Craobh Shinsearach peile uile-Éireann atá buaite ag Naomh Uinseann, CLG, Áth Cliath – 2, 3 nó 4 cinn?
  3. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh Shinsearach Iománaíochta na hÉireann buaite ag Gaillimh?
  4. Cén bhliain inar ardaigh Dara Ó Cinnéide Sam Maguire mar chaptaen buachach ar Chiarraí?
  5. Cén fhoireann dheireanach a bhuaigh 2 chluiche ceannais peile na hÉireann i ndiaidh a chéile gan cluiche a chailliúint?
  6. Ainmnigh an t-athair agus an mac a bhuaigh ‘All Stars’ don áit chéanna ar an bpáirc leis an gcontae céanna?
  7. Cén t-ainm atá ar an gcorn a bhronntar ar bhuaiteoiri Chraobhchomórtas Peile Mionúir na hÉireann?
  8. Cá mhéad Craobh Iománaíochta atá buaite ag Mattie Murphy i ngrád na mionúr?
  9. Cén bhliain inar imríodh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann don chéad uair?
  10. Cé hiad bainisteoirí reatha foireann peile Chrois Mhic Lionnáin?
  11. Cé bhí mar bhainisteoir ar fhoireann peile Phort Láirge le dhá bhliain anuas?
  12. Cá mhéad cluiche craoibhe a d’imir Darragh Ó Sé le sinsir Chiarraí – 71, 81 nó 91?
  13. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh Iománaíochta Sinsir na hÉireann buaite ag Luimneach?
  14. Ainmnigh beirt imreoirí a chur cic éirice amú i níos mó ná cluiche ceannais peile na hÉireann amháin.
  15. Ainmnigh beirt imreoirí a scóráil 2 chúl i gcluiche ceannais peile na hÉireann ach a bhí ar an bhfoireann a chaill
  16. Cé hé bainisteoir reatha fhoireann peile Londan?
  17. Cé hé bainsteoir reatha fhoireann peile an Chláir?
  18. Cá mhéad Craobh sinsir uile-Éireann atá buaite ag CLG Port Omna san iománaíocht?
  19. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh Chonnacht buaite ag peileadóirí sinsir Shligigh? 2, 3 nó 4 huaire?
  20. Fíor nó Bréagach. Bhuaigh athair Pádraig Harrington, Paddy, bonn uile-Éireann le foireann iománaíochta Chorcaí.

Faraor Céad Slán le Dalo!

Faraor Céad Slán le Dalo!

Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil aon deireadh ag teacht leis an tromluí uafásach seo de sheachtain do lucht Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath. Ní leor gur chaill peileadóirí mionúir agus sinsir na hardchathrach in aghaidh Dhún na nGall i gcluichí leathcheannais na hÉireann ag an deireadh seachtaine ach tá an scéal briste anois go bhfuil Anthony Daly agus a fhoireann bainistíochta – Ciarán Hetherton, Richie Stakelum agus Shane Martin – tar éis éirí as foireann iománaíochta na Dubs.

 anthonydaly.jpg

Ní cinneadh é seo a tháinig aniar aduaidh ar mhuintir Bhaile Átha Cliath ach ní hionann sin is a rá nach mbeidh an-díomá ar lucht iománaíochta na hardchathrach inniu. Chuir Dalo sé bliana ar fad isteach mar bhainsteoir ar iománaithe na Dubs. Le linn an ama sin, chuir sé foireann a bhfuil ord agus eagar orthu le chéile. Chuir se foireann le chéile atá san iomaíocht le haghaidh na bpríomhdhuaiseanna iománaíochta agus Corn Liam Mhic Carthaigh san áireamh. Níl aon amhras ann ach go ndearna sé éacht.

Sa mbliain 2011, bhuaigh na Dubs an tSraith Naisiúnta don chéad uair ó 1939 i leith faoina stiúir agus sa mbliain 2013 bhuaigh siad Corn Bob O’ Keefe don chéad uair ó 1951 i leith. Cá bhfios ach go mbeadh níos mó bainte amach aige dá mbeadh cuid de pheileadóirí Átha Cliath ar fáil dó?

Tá sé ag fágáil na Dubs i Roinn 1A agus iad i ndea-chaoi do cibé duine a thiocfas isteach ina áit. I measc na ndaoine atá luaite sna meáin le teacht i gcomharba air go dtí seo, tá Dónal Óg Cusack agus Liam Sheedy. Níl aon amhras ach go n-aireoidh lucht leanta Átha Cliath uathu Dalo.

Guíonn CLG GO Deo gach rath air sa todhchaí agus b’fhéidir go bhfeicfí é ar thaobhlíne na Gaillimhe go luath amach anseo!

 

Brendan Cummins – Rí an Phoic Fhada

Brendan Cummins – Rí an Phoic Fhada

Ba é Brendan Cummins, iariománaí agus iarpheileadóir de chuid Thiobraid Árann, a bhuaigh cluiche ceannais chomórtas bliantiúil an phoic fhada, atá urraithe ag Martin Donnelly, Dé Domhnaigh seo caite. Is é seo an t-ochtú huair a bhfuil an seanchomórtas iontach seo buaite aige. Curiarracht é, dar dóigh,.é a bhuachan don ochtú huair. Ba é Ruairí Convery as Doire agus Eoin Reilly as Laois a tháinig sa dara agus sa tríú háit.

brendan-cummins-pocf-fada.jpg

Comórtas e seo a théann siar chuig aimsir Shétanta, de réir na bhfinscéalta, agus tá sé ar cheann de na príomhimeachtaí ar fhéilire Chumann Lúthchleas Gael gach bliain. Is ar shléibhte Chuaille a bhíonn an comórtas seo ar siúl ó bhliain go bliain.

Dar ndóigh, bhí an comórtas seo le bheith ar siúl níos luaithe sa mí ach cuireadh ar athló é de bharr na drochaimsire.

Ba í Patricia Jackman as Port Láirge a bhuaigh comórtas na mban i mbliana don séú huair. Curiarracht a bhí ansin, freisin.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas seo ar an bhfíseán seo thíos de chuid Chumann Lúthchleas Gael.

https://www.youtube.com/watch?v=uZj2IV45Jls

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo freisin: http://pocfada.gaa.ie/home/latest-news agus is féidir dul chun chun an chomórtais seo a leanacht ar twitter ag @GAAPocFada amach anseo